leabhar tacaíochta caibidil 1 grianghraif agus cur síos 1. fuair bóna a ainm mar gheall ar an bhóna speisi

Leabhar Tacaíochta

Caibidil 1
Grianghraif agus Cur Síos

1.
Fuair Bóna a ainm mar gheall ar an bhóna speisialta a bhí aige.
Ainmnigh dhá charachtar eile atá luaite sa chéad chaibidil agus an
dóigh a bhfuair siad an t-ainm sin.
2.
Liostaigh na caithimh aimsire atá sa chur síos ar na carachtair.
Cad iad na caithimh aimsire atá agat féin?
3.
Liostaigh na scileanna atá sa chur síos ar na carachtair. Cad iad
na scileanna atá agat féin?

Tá cur síos sa chéad chaibidil ar charachtair an leabhair.
4.
Déan cur síos ort féin, ar do chara nó ar do mhúinteoir. Tá
smaointe thíos le cuidiú leat.

Ainm:_______________________________
Aois:________________________________
Cuma:______________________________
Caitheamh Aimsire:___________________
____________________________________
Scileanna:___________________________
____________________________________
Éadaí:_______________________________
Obair:_______________________________
Áit Chónaithe:________________________
Cairde:______________________________
Naimhde:____________________________
Caibidil 2
Bóna ar Faire
1.
An bhfuil fear nó bean faire ag do scoil féin? Cén sórt oibre, i
do bharúil, a dhéanann fear nó bean faire?
2.
Cén obair a bhí le déanamh ag Bóna sa siopa seodra?
3.
Is iomaí post nó obair a bhíonn ag daoine. Déan liosta de gach
post atá ar eolas agat.
4.
Anois, roghnaigh 5 cinn acu agus déan cur síos gairid orthu.

5.
Cad é an post ba mhaith leat agus tú níos sine? Tabhair fáthanna.
múinteoir
dochtúir
dlíodóir
peileadóir
ceoltóir
aisteoir
scríbhneoir
gruagaire
banaltra
tuairisceoir
bleachtaire
saighdiúir
Caibidil 3
Tá Boladh san Aer
1.
Cad é an rud a goideadh as Garáiste Ghearóid? An léid é seo? Cad é
do bharúil a chiallaíonn sé?

2.
Tá siopa seodra, ionad pizza agus garáiste i gceantar Bhóna. Cad
iad na siopaí agus na háiseanna atá i do cheantar féin? Déan
liosta.
3.
Cum ainmneacha Gaeilge do na siopaí atá i do cheantar, mar
shampla,
Torthaí ar an Toirt
Bainne na Maidne
Scríobh fógra siopa don pháipéar nuachta áitiúil ag moladh do dhaoine
bheith ag siopadóireacht ann.
4.
Dean léarscáil de cheantar Bhóna le cuidiú leis an gadaí a aimsiú.
Cuir isteach na háiteanna atá luaite go dtí seo.
5.
Amharc ar an téacs ar leathanach 16. Tá comharthaí cainte ann le
go mbeidh a fhios againn go bhfuil daoine ag caint. Tá focail ann
mar ‘dúirt’ agus ‘arsa’ le caint a chur in iúl chomh maith.
Aimsigh na focail seo le cara agus scríobh liosta.
“ ”
6.
Scríobh an téacs ar leathanach 16 mar dhráma. Tabhair páirteanna
do chairde agus déan dráma den chomhrá idir Bóna agus Cú-l.

7.
Aimsigh focail sa chaibidil seo ina bhfuil an fhuaim ch. Thig léi
bheith ag tús, lár nó deireadh an fhocail. Déan liosta de na
focail seo agus scríobh cur síos ar an fhuaim seo agus an áit a
mbíonn sí sna focail.
Caibidil 4
Iasc agus Micreasceallóga

1. Tá na frásaí seo ó chaibidil 4 measctha. Scríobh san ord ceart iad
i do leabhar.
Bhí Bóna ina chodladh nuair a dhruid Liam an siopa an oíche sin.
‘Tá luchóg ag Píosa Pizza,’ arsa Cú-l go mórtasach.
Ach níor goideadh rud ar bith as siopa Liam an oíche sin.
Agus iad ag siúl tríd an pháirc an oíche sin, labhair Liam le Bóna.
Thug Liam cnámh mhór do Bhóna dá lón Dé hAoine.
D’imigh Cú-l abhaile le súgradh leis an luchóg.
2.
Bíonn dóigheanna éagsúla sa Ghaeilge le hiolra a léiriú. Cláraigh
iolra nó uatha ar an tábla thíos.
Uatha
Iolra
micreasceallóga
cnámh
gairdín
madadh
oícheanta
luchóga
uaireadóir
iasc
gadaithe
Tá an focal pizza sa leabhar seo. Ní focal Gaeilge atá ann. Cad é an
t-iolra a bheadh ann sa Ghaeilge, do bharúil?
2.
Tá tús scéalta tábhachtach nó spreagann siad muid le dul ar
aghaidh.
Scríobh sampla éifeachtach do thús scéil. Cuideoidh an bosca thíos
leat.
Tús maith leath na hoibre...
B’fhéidir…Tosaíonn do scéal nuair a fhaigheann duine teachtaireacht
rúnda.
B’fhéidir… Is duine acu seo a fuair an teachtaireacht.
Fáilteoir dochtúra Eolaí clúiteach Banphrionsa Bleachtaire

Cad é mar a fuair an duine an teachtaireacht? Tá roinnt moltaí anseo.
Litir Scairt gutháin Heliograf Nóta taobh istigh de
bharra seacláide
Caibidil 5
Iasc ar Iarraidh
1.
Roghnaigh d’fhocail féin leis na bearnaí a líonadh. Ansin amharc
ar leathanach 26. An raibh do cheannsa níos fearr.
Píosa Pizza an áit ____ ______ an chéad robáil eile. Bhí an chuma ____
______ Robchait a bhí ann.
Thug Liam Bóna síos chuig Píosa Pizza an ____ _____ _____ nuair a
chonaic sé na ________ ag imeacht.

2.
Poncaíocht! Léigh an t-alt seo mar atá sé scríofa. An bhfuil sé
furasta a léamh? Nárbh fhearr duit anáil a ghlacadh anois is arís?
Scríobh arís é leis an phoncaíocht. Ansin amharc ar leathanach 26
le feiceáil an aontaíonn tú leis an údar.
gadai a bhfuil dúil san iasc aige arsa bóna go smaointeach go díreach
amharc sin tá lorg coise olacha ar fud na háite mmm nach raibh tusa ar
faire a d’fhriafraigh bóna de chú-l
3.
Aimsigh sa chaibidil seo an focal nó an frása a chiallaíonn:
Go bródúil: ____________________________________
Rud a fhágann robálaithe ina ndiaidh go minic: _________
Éisc bheaga a goideadh:___________________________
4.
Léigh Caibidil 5 arís agus scríobh mar shraith i ngreannán é. Ná
déan dearmad ar na bolgáin chainte/smaointeoireachta, srl. Scríobh
abairt amháin ag míniú gach pictiúr.


5.
Déan liosta de na briathra ar fad atá san aimsir chaite sa
chaibidil seo.
Caibidil 6
Bí ar d’Fhaire!
1.
Tá neart aidiachtaí in úsáid sa chéad pharagraf i gCaibidil 6.
Déan liosta de gach aidiacht.

2.
Fuair muid amach sa chaibidil seo gur Robchat an robálaí. Déan
tábla leis an eolas seo a léiriú. Cuideoidh an tábla thíos leat.
Siopa
Rud a ghoid sí
Leithscéal a thug sí
3.
Scríobh d’abairt féin leis na focail/ frásaí seo ó chaibidil 6;
le coim na hoíche
go ciúin slítheánta
ag coimhéad
siosarnach
ag cur cáir air féin
4.
Tá samplaí den fhuaim ch sa chaibidil seo. Déan liosta de na
focail uilig ina bhfuil an fhuaim ch, bíodh sí ag tús, i lár nó ag
deireadh focail. Cleacht an fhuaim seo. In amanna bíonn sí ciúin
agus in amannaí bíonn fuaim léi. An bhfeiceann tú patrún? Oibrigh
amach fosta na fáthanna a mbíonn sí ag tús focail go minic.


5.
Tá samplaí den fhuaim bh sa chaibidil seo. Liostaigh iad agus
abair amach os ard iad. Déan dhá liosta de réir na fuaime. An
bhfeiceann tú patrún? Amharc go cúramach ar na gutaí atá in aice
léi.



Caibidil 7
Fia!
1.
‘Tá brón orm,’ arsa Bóna. ‘Le do thoil, lig dom an scéal a
mhíniú…’ ach bhí Liam rófheargach le héisteacht leis. (Lch 40)
Scríobh scéal gairid faoi am ar tharla rud nó a ndearna tú rud agus
shíl tú nár éist daoine leat.
Cad é a rinne tú?
C ad é mar a mhothaigh tú?
Cad é an réiteach a bhí ann?
2.
Fuair Bóna post úr sa deireadh. Déan an fógra a rinne sé amach ar
an ríomhaire.
3.
Scríobh dóigheanna ar féidir le Bóna cuidiú leis an duine atá ag
traenáil do na Cluichí Oilimpeacha.
4.
Lig ort gur tusa Bóna - scríobh nóta chuig Liam, ag míniú dó cad é
go díreach a tharla sa siopa. Ná déan dearmad, níor mhaith leat do
sheanphost ar ais - tá tú breá sásta san áit a bhfuil tú anois.
5.
Déan tábla ag léiriú eolais faoi ainmhithe a chuidíonn le daoine.
Smaoinigh fosta ar ainmhithe fadó nó ar ainmhithe i dtíortha eile
- madaí, capaill ar an fheirm fadó, srl.
Ainmhí
Obair
Sa Deireadh
1.
Déan tábla mar atá thíos agus cur isteach eolas atá agat ar Bhóna.
Cuir, ar a laghad, 3 rud i ngach colún.
Laoch
Bithiúnach
Choinnigh sé súil ar shiopa Liam.
Bhí briseadh isteach ann agus ghoid Robchat rud.
2.
Déan liosta de gach robáil a tharla sa scéal seo. Cuir iad san ord
ar tharla siad. Anois, amharc sa leabhar le feiceáil an raibh an
ceart agat.
3.
Lig ort gur tusa Robchat- scríobh achoimre ar na heachtraí uilig a
tharla duit sa leabhar- cad é mar a mhothaigh tú ag an am?
4.
Scríobh litir chuig Liam ag míniú an dóigh a raibh an locht ortsa
agus nach raibh locht ar bith ar Bhóna. Gabh do leithscéal leis.

Údar agus Maisitheoir
1.
Léigh an píosa a scríobh an t-údar agus an maisitheoir ar chúl an
leabhair. Scríobh na habairtí thíos i do leabhar agus scríobh an
duine a scríobh é in aice leis.
RÁITEAS
ÚDAR
MAISITHEOIR
D’oibrigh an duine seo mar gharda slándála
Tagann madadh an duine seo ar rudaí lena shrón
Is maith leis an duine seo rudaí neamhghnách a dhéanamh
Ba ghnách leis an duine seo bheith ag obair fríd an oíche
Tá madadh an duine seo cosúil le Bóna i ndóigheanna éagsúla
Is ealaíontóir é an duine seo
Tá an duine seo dearmadach cosúil le Bóna
Scríobhann an duine seo faoina cuid eachtraí i scéalta
2.
Scríobh alt nuachta faoin mhaisitheoir agus faoin údar- ná déan
dearmad, beidh ort é a athrú ón chéad phearsa go dtí an tríú
pearsa, mar shampla,; Is maith le Hazel Edwards/ Is maith léi…
3.
Tá neart grinn sa scéal seo. Breac síos 3 rud a shíl tusa a bhí
greannmhar sa scéal agus cad chuige.
Frásaí Deasa
1.
Seo míniú ar fhocail nó ar fhrásaí atá sa leabhar. Léigh tríd agus
cuardaigh na focail agus na frásaí. Scríobh an focal atá sa
leabhar agus úsáid in abairt é.
Lch.
Míniúchán
Focal/ frása
10
Níl cuimhne ró-mhaith aige/aici
14
Éadaí deasa/ stíl fionnuar
16
Fianaise go raibh duine/rud ann;
18
Go neirbhíseach; rud ar d’intinn
20
Nuair atá an áit trína chéile; gach rud bun os cionn
22
Go bródúil
26
Deir tú rud ar an dóigh seo agus tú ag smaoineamh ar rud
28
Le titim na hoíche
28
Ag déanamh rud sa dóigh is nach bhfeicfeadh duine eile thú á
dhéanamh
28
Chomh gasta le gaoth Mhárta
28
Duine atá maith ag an chorpoideachas, deirimid go bhfuil sé…
38
Fuaim a dhéanann na cait
40
In ainm Dé!
40
Callán
42
Bíonn tú ag déanamh seo agus tú i do chodladh
44
Is féidir eolas a chuardach ar an ghléas seo, a fhad is go
bhfuil ríomhaire agat!

17

  • December 8 2021 a Regular Meeting of the Gridleybiggs
  • GDP SZÁMÍTÁSI FELADAT EGY NEMZETGAZDASÁG KÉT ÉVÉRŐL A KÖVETKEZŐKET
  • ROAD OPENING REQUIREMENTS SELECT BOARD NEW BRAINTREE MA 01531
  • BLAINA MEDICAL PRACTICE HAS BEEN IN EXISTENCE SINCE 1955
  • INTEGRATED SAFEGUARDS DATA SHEET CONCEPT STAGE REPORT NO AC3822
  • EL DERECHO A LA ATENCIÓN SANITARIA DE LOS USUARIOS
  • CURSOS DE EDUCAÇÃO FÍSICA XV MOSTRA DE TRABALHOS CIENTÍFICOS
  • APSTIPRINĀTS AR KULDĪGAS NOVADA DOMES 2012 GADA 27SEPTEMBRA SĒDES
  • ACTA DE REUNIÓN CÓDIGO FOR – PRE 08 VERSIÓN
  • JT%20RPS%20Abstract%20AMENDED%20(1)
  • EL OBSERVATORIO MADRILEÑO DE SALUD DENUNCIA IRREGULARIDADES EN EL
  • T HE ROTARY FOUNDATION GROUP STUDY EXCHANGE TEAM MEMBER
  • ANNEX 4 BRUSSELSLUXEMBOURG OCTOBER 2019 2020 EXANTE CONTRIBUTIONS TO
  • AYUNTAMIENTO DE SANTA MARTA DE TORMES (SALAMANCA) ORDENANZA FISCAL
  • ANEXO I FORMULARIO DE PRESENTACION DE PROYECTOS DE EXTENSION
  • CAPITULO 3 3 ESTIMACIÓN DE ESCORRENTIA SUPERFICIAL A TRAVÉS
  • AR MEDICAID DUR BOARD MEETING JULY 18 2018 PAGE
  • FORMAS INDETERMINADAS SON FORMAS INDETERMINADAS NO SON INDETERMINACIONES LAS
  • FUERZA AÉREA ARGENTINA DIRECCIÓN DE CONTRATACIONES DEPARTAMENTO DE CONTRATACIONES
  • UNEPCBDAHTEGIB12 PAGE 0 CBD CONVENTION ON BIOLOGICAL DIVERSITY DISTR
  • BOLIGRENTE UDSKRIFT BOLIGBYGGERIET HERHJEMME FORTSÆTTER MED AT STIGE
  • ALGEMENE VOORWAARDEN VOOR DE HUUR VAN GEMEENTELIJKE SPORTACCOMMODATIES ALGEMENE
  • MUJERES Y NIÑAS – LA FUERZA INVISIBLE DE LA
  • PRZEWÓZ MEBLI Z ZAŁADUNKIEM I ROZŁADUNKIEM Z KRAKOWA DO
  • FORMULARIO DE PRESENTACIÓN DE PROYECTOS BANCO DE PROYECTOS
  • FACULTAD DE MEDICINA DECANATO CALFONSO X EL SABIO SN
  • HISTORIA GEOGRAFÍA Y CIENCIAS SOCIALES 8° BÁSICO UNIDAD
  • 3 MELLÉKLET A PÁLYÁZÓ NYILATKOZATAI AZ ÖNKÉNTES TŰZOLTÓ EGYESÜLET
  • MINISTARSTVO POLJOPRIVREDE RIBARSTVA I RURALNOG 461 NA TEMELJU ČLANKA
  • CREATING AN ANDROID PROJECT THIS LESSON TEACHES YOU